Tuarascáil Speisialta 70 – Rannóga Éigeandála
Foilsithe 12 Feabhra 2010
Tá tuairisc foilsithe ag an Ard-Reachtaire Cuntais agus Ciste ar rannóga éingeandála. Rinneadh athbhreithniú sa tuarascáil seo ar fheidhmíocht in 33 ospidéal agus tógadh ar thorthaí agus ar mholtaí réimse athbhreithnithe a rinneadh le linn na tréimhse 2002 – 2007, agus rinneadh scrúdú sa tuairisc ar an méid seo
- an méid a cuireadh bearta i bhfeidhm chun cúram i rannóga éigeandála a fheabhsú agus an scóip le haghaidh tuilleadh feabhsaithe
- tionchar eagar foriomlán an ospidéil ar éifeachtacht na rannóg éigeandála
- an scóip le haghaidh beart chun cásanna atá á láimhseáil faoi láthair ag rannóga éigeandála a atreorú i dtreo suíomh cúraim atá níos oiriúnaí.